Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bíodh eagla ort agus ní baoghal duit.
    Beagán a radh agus a rádh go maith.
    An té na mbéidh ciall aige béidh fán air.
    Ma's moch mall a éirigheas an ghrian is mar is toil le Dia bhéas an lá.
    Is fearr teach beag is teann lóin nó teach mór ar bheaga bidh.
    Na mol is na cáin an bárr go dtéidh an mhí mheadhain amach.
    Ní náire an bhoichtineacht.
    Tús maith leath na h-oibre.
    Na mol is na cáin tú féin.
    Is fearr stuaim nó neart.
    Ní rún é ó tá fhios ag triúr air.
    Níl sogh an an-shogh.
    Ní bhíonn saoi gan locht.
    Is fearr cóir na dul chun dlighe.
    Is iomdha lá san chill orainn.
    Tig iomchur la foghlum.
    Ualach giolla na leisge.
    Tuilleadh mine nó béidh do bhrachan lom.
    Mí na bhfaoiligh a mhairbfeadh caoirigh.
    Márta a mhairbfeadh daoine.
    Márta cruaidh crannda.
    Aibreán bog braonach.
    Tocht i ndeireadh earraigh agus bailc i ndeireadh samhraidh.
    An ghaoth andeas bíonn sí tais agus cuireann sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge