Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seaghán a Buille - Mhóir.Sé Naos A Chramhíne, fuair an bríste seo déanta.
Fear de’n tríomhadh líon a bhí ann, indiaidh Adhbha.
Fuair an bríste na sthá, fríd an chomhursain a pháirtí.
Stróc siad aríst é í dtighe Sheamhuis, gan grásta.
Bhí Seainín sá pháirtí a strócadh go sásta.
Ní rabh lé faghail ar maidín acht na cnaipí sa básta.
Seaghán Dhomhnaill ar an bhrághaid, chriochnuigh sé[?]páirt dó
Níor stád sé an lá sin, ach ag caoineadh i’s ag athrughadh
Muinntir na h-ArannBhí siad seacht mbliadhna í n-Arainn gan sagart ar bith a theacht chucha. I gcionn na seachtmhadh bliadain, tháinig an t-Easbóg ann. Dubhairt sé leobtha dá mbeadh fear ar bith ann a mbéadh creideamh aige, go gcuirfeadh sé sagart chucha.
Bhí fear ann d’arb áinm Seamús Ó Baoighill, agus dubhairt sé go rabh a sáith creideamh acha. Caidé a gcreideann sibh ann arsa an t-Easbóg.
Creidimh muid ins an té a gnidheas oidhche dorcha ‘s lá.
Creidimh muid ins an té a gnidheas péarsa fír is mna.
Creidimh muid ins an té a gnidgeas caora dhub is bán.
Ní h-ionadh é na éalodh mára ia tragha.
Ón lá sin go dtí an lá indiú, tá sagart aca- Bailitheoir
- Seosamh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall