Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)
- Suíomh:
- Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séumas Ó Dómhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mínbeannaid
- XML Leathanach 120
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tsean am a phóstai na lánamhaineacha, ins an Inid, de ghnáth: Nuair a bhuailfeadh taom pósta é, no fiacha le bean sa teach le timtireacht an toighe a déanamh agus an t-sean-lánamhain ag éirghe aista. Toisigheadh se a smaointiú ar dul amac a chuartú mna do féin. Agus leoga is iomdha scéal greannmhar a tiocfaidhe a [?] fa faoine áirithe. Ac ins an deireadh, thigeadh an oidhche a bhi leagtha amach aca le dul amach. Bhíodh baicle leis an fhear óg: a áthair le dul [?] cainnte fa'n spré na átair na brighideoige agus cupla duine stuamdha céillidhe eile le ceisteanna achrannacha a thanlochadh eatorra a socrugadh Mura bfuigead siad cailín ins an cead teach a socrochadh siad air. Rachadh siad go teach eiginteacht eile agus leanadh siad leo go n-eireochadh leo fa deireadh
Nuair a beadh ceisteanna fan chrúth no spré socruighte eatorra, túisigead an t-ol no bhíodh buideal maith téith le achan duine agus annsin d'imtigeadh lucht na dála sula a mbeireadh bánughadh an lae orra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)