Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)

Suíomh:
An Chruit, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 23

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 23

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruit Island
  2. XML Leathanach 23
  3. XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mór ins sna beannaib agus caithfid sé go bhfuil sé ag dul isteach ibhfad sa talamh.
    Deirtear go deachaidh muinntir Árann
    n-a bhfolach ins an uaigh seo nuair a tháinig saighidiúirí "Cromwell" i dtír ar an oileán. D'fhan siad ann ar feadh trí lá agus ní rabh na saighidiúirí abalta duine ar bith ' fheiceáil. Sa deireadh chuaidh fear amháin amach le feiceail rabh na saighidiúirí ar shiubhal. Chonnaic siadsan é agus mharbhuigh siad é agus thainig siad ar an mhuinntir eile a bhí istigh san uaigh agus mharbhuigh siad uilig iad acht amháin beirt fear a fuair ar shiubhal uabhtha(?).
    Sin an fáth a tugadh "Uaigh an Ár" ar an uaigh ("The Cave of Slaughter). Aodh bán agus Seamas Cróin, ainmneacha na fir a thainig saor as. Leag(?) siadsan currach agus tharraing siadsan as "oileán na Cruite" a bhí ar a taobh thoir daobh(?). Deirtear go rabh an tóir na ndiaidh acht shroich siad cúl na Cruite , d'fhág siad an currach agus d'imthigh siad go h-iochtar an oileáin. Léim siad 6(?) binn annsin agus shnámh amach go dtí ceann de na h-oileáin acht taobh amuigh de Thóin na Cruite agus chuaidh i bhfolach ann(?) ar an namhaid. Ní rabh na saighidiúirí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Searcaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinseas Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall