Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 418

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 418
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    t-airgead uilig a bhí aige agus chuir i mála é chuir an mála ar a dhruim agus bhog leis.
    Nuair a shroich sé teach Mhic Suibhne chuir sé mála an airgid ar na scálaí agus chuaidh inghean Mhic Suibhne ar na scálaí os a choinne. bhí sé goirid ocht bpinginn déag ach dhiultaigh sise ar an ádhbhar gur chuma léithe fá dtaoibh de. Theann Labhras an mála ar a dhruim agus shiubhail leis. Teacht aníos mallaidh Ghleann Bheithe agus é briste brúighthe casadh fear gasta dubh do. Chuir sé ceist ar Labhras.
    "Ca rabh tú indiú." Bhí fearg mhór ar Labhras agus thug sé an-fhreagair air.
    "Goidé do do gnaithe é?"
    "Is maith atá a fhios agam ca raibh tú," arsa an fear, "bhí tú shoir ag meadhchú Inghean Mhic Suibhne ach bhí tú goirid ocht bpinginn déag.
    Bhéarfaidh mise an t-airgead sin duit anois, ach ma thigim-se a choidhche a fhad leat a d'iarraidh na n-ocht binginn déag agus muna mbíonn tú ábalta iad a thabhairt domh caithfidh tú punta de do chuid fola a thabhairt domh in
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conall Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall