Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 377](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1056%2FCBES_1056_377.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 377
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 377
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maighistir agus fuair sé sin agus annsin thug sé a aghaidh ar an bhaile. lá goirid geimhridh a bhí ann agus tháinig an oidhche ar Sheán. Bhí sé i gcruadh-chas anois no ní rabh a fhios aige goidé an bealach le ghabhail. Ach goidé a tcídh sé acht solus giota uaidh, agus thug sé aghaidh air. níor bhfada go dtáinig sé go dtí an teach. Bhuail sé ar an doras agus h-iarradh air a teacht isteach. D’fhosgail sé an doras an doras agus dubhairt na daoine beaga, “Fáilte romhat a Sheáin Uí Bhaoghaill; fáilte romhat a Sheáin Uí Bhaoghaill,” arsa an capall glas a bhí ceangailte thíos ag bun an urlair agus d’iarr siad ar Sheán a theacht aníos go dtí an teinidh.
Tháinig Seán aníos go dtí an teinidh agus thoisigh siad a chómhradh agus dubhairt na daoine beaga go rabh aca le ghabhail ‘un an bhaile. Chuir de na fir ceist cé a d’fhanóchadh ag an capall glas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall