Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uaisle.” Bheireann an duine taobh amuigh an luachar isteach annsin. Deánann gach duine ins an teach crosanna den luachar. Nuair a bhíonn siad deanta craithtear uisce coisrithe ortha, agus cuirtear ceann ins an chistín, i ngach seomra ins an teach agus ins na toighthe go léir taobh amuigh, ceann ins an bhoitheach, ins an stábla agus ins an sgiobal. Deantar cros i leith i gcóir an chapaill agus tá sé ana-dheachair a dheanamh. Deánann fear an toighe é i gcómhnuidhe.
Tá a lán sgeultaí fá Naomh Brighid, agus seo ceann acu. Lá amháin bhí Naomh Brighid amuigh ag suibhal le bean-riaghalta agus tháinic tart ortha. Chuaidh siad isteach i dteach beag agus d’iarr siad deoch ar an mhnaoi. Bhí Bhrighid ag caitheamh cros déanta de óir. Chonnaic an bhean í agus bá maith leithe í a bheith aice féin. Chuir sí nimh ins an (bhuidh) bhainne agus chonnaic Brighid í.