Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Léon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 152
- XML “Iníon Rí an Úrchnoic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí Rí ann fad ó shoin agus chuir sé iomlán a chuid saighdiúir 'un chogaidh uair amháin. Bhí gasúr beag ann san arm a bhí i n-a drumadóir agus lá a bhí scad ag gabhail 'un chogaidh agus iad ag gabhail fríd bhaile mhór smaoinigh an gasúr nár bhuaidheachas do fhear ar bith é féin a fhághail marbh. Bhí sé ag coimhéad ariamh go bhfuair sé faill teitheadh reath sé thart igcúl toighe i bhfolach. D'fhan sé ag pacaireacht thart fá chúl na dtoighthe agus nuair d'fhás sé dorcha gheárr sé sliabh a' theicheadh. Ba ghairid a bhí sé ag geárradh an t-sléibhe nuair cé casadh air ach an ceannphort a bhí os a gcionn san arm. Sgannruigh an gasúr, shíl sé gur i n-a dhiaidh a bhí an seannphort ach niorbh'eadh, bhí seisean ag toicheadh comh maith leis féin. Shiubhail an bheirt leabhtha nó go dtainig an oidhce orthu orthu agus bhain fútha i dteach a bhí i n-áit uaigneach. Nuair a bhí siad cupla lá ag baint fútha sa teach d'eírigh an gasúr amach go bhfeicead sé caidé 'n cineál aice a bhí thart nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Bhreartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mhac m Breartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor adhmaid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall