School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Léon Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 152](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1045%2FCBES_1045_152.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 152
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 152
- XML “Iníon Rí an Úrchnoic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí Rí ann fad ó shoin agus chuir sé iomlán a chuid saighdiúir 'un chogaidh uair amháin. Bhí gasúr beag ann san arm a bhí i n-a drumadóir agus lá a bhí scad ag gabhail 'un chogaidh agus iad ag gabhail fríd bhaile mhór smaoinigh an gasúr nár bhuaidheachas do fhear ar bith é féin a fhághail marbh. Bhí sé ag coimhéad ariamh go bhfuair sé faill teitheadh reath sé thart igcúl toighe i bhfolach. D'fhan sé ag pacaireacht thart fá chúl na dtoighthe agus nuair d'fhás sé dorcha gheárr sé sliabh a' theicheadh. Ba ghairid a bhí sé ag geárradh an t-sléibhe nuair cé casadh air ach an ceannphort a bhí os a gcionn san arm. Sgannruigh an gasúr, shíl sé gur i n-a dhiaidh a bhí an seannphort ach niorbh'eadh, bhí seisean ag toicheadh comh maith leis féin. Shiubhail an bheirt leabhtha nó go dtainig an oidhce orthu orthu agus bhain fútha i dteach a bhí i n-áit uaigneach. Nuair a bhí siad cupla lá ag baint fútha sa teach d'eírigh an gasúr amach go bhfeicead sé caidé 'n cineál aice a bhí thart nuair(continues on next page)
- Informant
- Máire Nic Bhreartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal
- Informant
- Seaghan Mhac m Breartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 39
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor adhmaid
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal