Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Léon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go ndéanaidh sé maith dúithe. Rinne siad seo is lean Scoith Shíoda Ní Mhurchadha Lonndubh Mac Ríag na dTulach. Nuair a chonnaic Greadach go rabh sé féin fágtha d'iarr sé ar Lonndubh a mheur a leagaint ar an inneár. Nuair a fuair Greadach a mheur ar an inneár bhuail sé buille de chasúr oirthí is sháith a mheur do'n inneár. "Fágaim de fhiachaibh ort anois", arsa Greadach, "beith greamuighthe do'n inneár go réidtighidh mise thú". Nuair a chonnaic Lonndubh go rabh sé gaibhte is nach rabh bealach aige fághail réidhtighthe scairt sé ar Ghreadach is d'iarr air a réidteach is go bhfágfadh sé bean shaor samhlaigh aige. "Acht má chastar (ar chéile) a choidhche ar a chéile muid", arsa Lonndubh, "caithfidh mise an chead bhuille a fhágail ort-sa". Sgaoil sé Lonndubh is thug Greadach leis Scoith Shíoda Ní Mhurchadha agus bhuail an bheirt an bóthar. Shiubhail leo nó gur bhuail isteach go Teamhair na Ríoghthach annsoir Fionn Mhac Cumhaill agus a mhór bhantracht. D'fiafraigh Fionn do Ghreadach caidé a bhí de dhioghbhail air is dubhairt se-sean go rabh sé ag iarraidh aimsir'. Rinne Fionn margadh é fanacht aige lá is bliadhain.
An chéad lá chuaidh sé amach a thainig ní rabh [a] gheilstinn do churrach nó phortach. Bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mhac Giolla Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mhac m Breartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor adhmaid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall