Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Léon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 082

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 082

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 082
  3. XML “Lonndubh, Greadach agus Scoith Shíoda Ní Mhuireadha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lonndubh Greadach agus Scoith Shíoda Ní Mhurchadha
    Bhí sin ann is is fada ó bhí. Dá mbéinn-se ann an uair sin ní bhéinn ann anois is dá mbéinn féin ba chríon leath an scéalaidhe bhéadh sceul úr agam nó sean-sceul, chumfainn féin scéal sul a mbéinn gan aon scéul.
    Bhí gabha dubh ann aon uair amháin a rabh dhá bhuachaill seirbhise aige darbh ainim Lonndubh Mac Ríagh na dTulach 'gus Greadach Mac Ríogh na Sullach agus cailín darbh ainim Scoith Shíoda Ní Mhurchadha. Nuair a bhí an tearma i-stoigh ag an dá bhuachaill d'imthigh siad maidin amháin. 'Ach aon dá choiscéim a théideadh siad ar aghaidh théideadh siad coiscéim ar gcúl is chaith siad mar sin nó go rabh neóin beag is deireadh an lae ann. Fá dheireadh labhair siad le chéile is dubhairt go gcaithfead sé go rabh Scoith Shíoda Ní Mhurchadha ag imirt pisreóg orthu. Phill siad aríst. Chuir an gabha fáilte rompa nó shil sé gur a'fhanacht aige a bhí siad. D'innis siad dó caidé bhí ag cur bhuadhartha ortha. Mhaige, arsa seisean, "ní thig liomsa dadaidh a dhéanadh díbh acht seasadh fear agaibh i ndoras an toighe 's an fear eile i ndoras na ceárdea[i]n 's cé bith fear a leanas Scoith Shíoda Ní Mhurchadha bíodh sí aige agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mhac Giolla Cearra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Teileann, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mhac m Breartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    39
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Saor adhmaid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall