Scoil: Na Frasa (uimhir rolla 16375)

Suíomh:
Na Frosa, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Robhartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Frasa
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “An Rí agus an Gadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann aon uair amháin. Bhí sé pósta agus bhí aon mhac amháin aige.
    Bhí an buachaill seo ag obair leis an rígh mar bhuachaill aimsire.
    Shíl an Rí go raibh an buachaill seo an chlíste ar fad. Chuir an Rí ceist air caidé an chéard ar mhaith leis a fhoghluim.
    Dubhairt an buachaill gur mhaith leis a bheith in a ghaduidhe.
    "Maith go leor" arsan Rí. Nuair a chuala a t-athair seo bhí sé faoi bhrón agus faoi chumhaidh. D'éirigh an buachaill go luath lá thar na bhárach agus rinne sé réidh le gabhail ar an bhóthar. Thug a mháthair tuirtín aráin dó agus d'imthigh sé. Shiubhail sé leis go raibh dorchadas na h-óidhche ann. Casadh triúr fear air ar an bhóthar. Chuir siad ceist air "Cá rabh sé ag gabháil? Dubhairt an fear óg seo gur mhaith leis a bheith in a ghadaidhe. Dubhairt an triúr seo go rabh sé fada go leor go rabh siad in a ngadaidhte. Nuair a chuala an buachaill seo bhí áthas air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Míchéal O' Breslin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Baile Uí Bhrolcháin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mrs Ellen Breslin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Baile Uí Bhrolcháin, Co. Dhún na nGall