Scoil: An Clochar (uimhir rolla 14705)
- Suíomh:
- Cill Bharrainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mother Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar
- XML Leathanach 298
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bliadanta ó shoin nuair a bhris an galar dubh amach in Éirinn rinne an aicíd sgrios mhór.”
Bliadanta ó shoin nuair a bhris an galar dubh amach in Éirinn rinne an aícid sgrios mhór.
Aícid iongantach a bhí innti agus thiocafadh tamhsuan ar dhuine a bhí cosamhail leis an bhás agus measaim gur minic a cuiriadh duine nach raibh marbh darírib.
Tart fa Bheál – Átha – Seanaigh bhí an phlaígh seo go h-án olc, agus cuireadh isteach go teach na mbocht mór chuid de na daoinibh a buaileadh síos. Bhí fear d’ar b’ainm Seaghan Ua Ruathan in a measg . Bhí sé go fíor-dhonna agus fa dheireadh fuair sé bás. Anois bhí an oiriad sin a fágail bháis, nach raibh cómhraí go lear fa na gcoinne , agus cuireadh corp Sheáin agus beirt eile isteach imbraithlín . Fágadh amuigh i seomra na marbh iad agus cuiread an doras faoi ghlas.
Anois nuair a bhí am luighe ann, agus maighistar thíghe na mbocht ag tarraint ar a leabai , chuala sé toraman iongantach , sgreadach agus buaileadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ánna Ní Laochraidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall