Scoil: Affane, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 16272)
- Suíomh:
- Áth Mheáin (Hunter), Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Bríd Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leath chéad bliain ó shoin nó mar sin bhí sean-bhean ina chónaí i gCnoc Mellerí agus bhí sí in iúl buidéil leigheasanna a dhéanamh as luibheanna.
Bíodh na daoine tinn ag teacht cúichi ó gach áit i gcéin agus i gcóngair chun leighis d'fhágailt uaithi. Dubradh i measc na gcomharsan go raibh baint aici le na síóga ar feadh seacht mbliadna agus do thugadar an comhacht san di.
Ag siúl an bhóthair di bhíodh sí ag casadh ó thaobh go taobh agus ag caint ós árd san am céanna díreach is go mbeadh sprideanna ag tonnlachan di.
Pé scéal é bhí eolas aici ar gach saghas galair do leighisiú. Dá mbeadh bás indán don duine árdóchaidh sí an buidéal leighis idir an duine agus an solus agus teasbáinfadh sí na sgoilbóga (sin comhartha an bháis) i dtón an buidéil agus chaillfeadh an duine gan morán moille. Ach tráthnóna amháin fuaireadh an tsean-bhean ar thaobh an bhóthar agus i mbéal bháis. Do leag rothaí í agus ba náireach an sgéal. Fágadh mar thit sí.
Bhí brón agus díomá ar a cáirde agus ba mhó na paidreacha a dúradh léi.- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann