Scoil: Affane, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 16272)

Suíomh:
Áth Mheáin (Hunter), Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Bríd Bean Uí Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 29

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 29

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Affane, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 29
  3. XML “Bróga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Insan sean-aimsir bhíodh na daoine fásta suas sar a chaitidís bróga.
    In Iarthair na hÉireann is gnáth le daoine bochta bheith cosnochtaithe ó cheann na bliaina. Fén dtuaith bíonn na buachaillí cosnochtaithe insan Samhradh mar bs aoibhinn leo bheith gan iad.
    Ins na bailtí móra agus na cathaireacha caitheann na daoine idir óg agus aosta bróga anois. Pé scéal é bíonn dualgas ar daoine cosnochtaithe a gcosa do nighe gach oíche agus bhí alán piseóga i dtaobh Uisge ns gCos acu.
    Roinnt bliainta ó shoin roimh teacht meaisíní ar an saol bhí na bróga go léir déanta le gréasaí agus bhí buan i láidreacht ins na brógaibh an ré sin.
    Bhí obair fé leith i Lios Mór (5 1/2 míle uainn). Bróga adhmad á dhéanamh ann ach anois tá deire leis an obair.
    Ins an h-oileáin in Iarthar ns hÉireann caith na daoine pampooties - píosa seithe níos mó ná an gcos mar bonnaibh agus iad ceangailte le chéile le h-iallacaibh agus choimeádidís cosa ns ndaoine slán ón clocaibh agus ón dealgacaibh sn bhóthair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann