Scoil: Ballycastle Boys' (uimhir rolla 14290)
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé in mo chomhnuidhe í mBaile an Chlais. Tá dhá tobair beannuighthe thar na h-áite. Ceann i bpáirc Mhic an Chluig i nDún Aoinigh agus ceann eile i bpáirc ó hEimhirín. Téigheann na daoine go na toibreacha sin ar an cúigmhadh lá deug de mí Lúghnasa agus arís ar an t-ochtmhad lá de mí Nodhlag. Ní féidir lé aoinne na toibreacha sin a glanadh acht fear dá muinntir Túathbhaill. Lá amháin do ghlan fear ecint an tobar sin agus níor ceart dó agus an maidín lá ar na mhárach bhí an créafóg uilig istig ins an tobar arís. Fuair an tobar sin a ainm ó Naom a bhí annsin darb ainm Naomh Gáibrial. Leighseadh fear darbh ainm Ó Dochartaigh as Gleann Iolra. Lá amháin bhí sé inaice an tobair sin agus chonnaic sé Aingeal ina shuidhe inaice an tobair. Chuaidh sé chomh fada leis agus bhí bataí aige agus guidh sé agus nuair a thoisigh sé ag siúbhal bhí sé indhann siúbhal gan bataí.Nuair a deantar turas ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Praodháil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Glas, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ó Praodháil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An Baile Glas, Co. Mhaigh Eo