Scoil: Béal an Mhuirthid (C.) (uimhir rolla 14857)
- Suíomh:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ba ghearr gur leath and scéal amach 'fud an bhaile agus bhí chuile duine ag iarraidh a fhághail amach cár cuireadh and pota óir. Bhí an fear-simplidhe chomh mór fré céile sa deire nach raibh a fhios aige gur ghóid sé an t-ór chor-ar-bith.
Blianta na dhiadh sin bhí fear darbh ainm luinnseachach (Lynskey) ag leaghadh crann, san áit agus tháinic sé ar and gcrann a raibh an ciste curtha fá. Leag sé an crann agus chonnaic sé an pota óir. Thóg sé é, agus chuir sé in áit eile go dtí tuitim na h-oidhche. Annsin thug sé and t-ór abhaile leis. Bhí a shean-athair in a shuidhe cois na teineadh agus d'innis sé an sgéal dá mhac i dtaoibh an chaoi a tháinig an t-ór ann. Chaith an fear óg bliain agus lá ag iarraidh a fhághail amach an raibh aon duine de ghaolta an Charabháin beó acht níor bhfhuair sé a dtáisg nó a dtuairisg. Ar deire b'éigin dó an t-ór a chongbháil agus bhí rian an ádha air go dtí go bhfuair sé bás. Tá rian an ádha ar a shliocht ó shoin agus deirtear go mbeidh mar gheall ar cneasteacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Treasa Ní Náraidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mártan Ó Murchadha
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Áit Tí Conáin, Co. Mhaigh Eo