School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 554
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht léimfheadh suas air agus bhuail a phus ar [béal] an phrionnsa agus ó shoin níor chuimhnigh ar ing[hean] an t-oighre. Fhad is bhí an prionnsa ag déanamh a[n] méid sin bhí inghin an t-oighre ag fanamhaint l[eis] acht nuair cheap sí go raibh sé ró fhada sa pálás c[huaidh] sí suas ar crann mór a bhí ag fás in aice an tobai[r.] Nuair /\ sí tamall annsin tháinig bean Gabhair go dtí an t[obar] fá dhéin cana uisge agus dhearc sí síos sa tobar. Chon[naic] sí an bhean bhreágh agus cheap sí go mba é a sgáth f[éin] abhí sa tobar. Thoisigh sí ag mallachtú agus ag rádh nár chea[...] féin a bheith pósta do shean-ghabhar dubh. Chaith sí an can[a] annsin agus d'imthigh sí leis. Nuair cheap an gabha go rai[bh sé] in am d'on mhnaoí bheith ag teacht, chuaidh sé féin go dtí a[n tobar] agus fuair sé an cana caithte annsin ag an dtoba[r.] Dhearc sé síos sa tobar agus bhí fhios aige nach é a sgá[th] abhí ann agus dhearc sé suas ar an gcrann agus chonnaic sé an bhean áluinn. D'iarr sé ar an [mhnaoí] teacht anuas agus tháinig sí agus d'iarr uirthí céar[d] chas an bealach sin í. Tá mise ag dul ó bhaile go [baile?] agus tháinich mé annseo go bhfeicfinn ce'n sórt [duine?] a bhí ionnta agus sin é an fáth ar tháinig mé g[o dtí] an tobar mar bhí fhios agam go mbéadh na daoi[ne](continues on next page)
- Collector
- Mártan Ó Chiaragáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Ciaragáin
- Gender
- Male