Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Béidh mé mar sin go deo díle
Agus in eócaidh (?) mé mar an caora glas
Agus muna bfáighidh mé mo bean ar an gcaoi sin
Treigfid mé an tír ar fad
Nach é mo creac maidne is mo crádh
Nach bfeicin do sgaíle ag tigeacht
Anuas ó Mhalla an tSliabh Baín
No treasna an Mám aniar.
Nach é mo chroidhe atá marbh in mo lár
Agus gur fuide liom lá na bliadain
Agus a Stoirín ma teígheann tú thar saíle
Beíd mise ar an gclár in do dhiaidh
Nach truag gan mé in Innis na Bó Fóine (?)
Agus mo tarraingt ó'n Mám aniar
Mo stoirín beith amuigh ar an tráig romham (?)
Agus cuirfinn mo bhád ina diaidh
Throisgeann naoi n-oidhche is naoi lá
Naoi Seachtmainí naoi (?) is naoi imbliadan
Agus nar fuiling tú nó do mo cháthadh
Ar malla an tSliabh Bhaín areír(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eiblín Ni Corduibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál O Corduibh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo