School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 195
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé de cé'n fhaid a fanfaidh sé leo. Do thaithnigh an áit breagh seo leos an dearbhshathr agus dubhairt sé go bhfanfaidh se ar feadh seachtmhaine. Dubhairt an fer go gcaithfidh sé a bheatha a shaothrú. Bhí go maith.
Maidin lá ar na mhárach cuireadh ag tiomáint na ba é agus tugadh adharc dó agus dubhradh leis lán de'n bídh a d'ithedh sé i rith an lae a thabhairt abhaile leis um tráthnóna.
Chuaidh sé leis. Ní raibh sé acht taobh amuigh de'n gata nuair a chuala sé an ceól ba bhinna dár chuala sé ariamh. D'fhan sé ag éisteacht leis agus níor fhéad sé dul uaidh. Níor airigh sé an lá ag dul thar go raibh na ba ag teacht abhaile arís. Chuaidh sé go dtí lochán agus chuir sé uisce agus féar isteach san adharc ach do rachadh siad amach tríd arís. Nuair a chuaidh sé isteach leis na ba ní raibh rud ar bith san adharc aige. Do bhuail an fear é lena mhaide draoidheachta agus d'athruigh sé go dtí cloch mór é taobh amuigh den sgioból.
Blian arís ó'n lá sin dubhairt an dara dearbhsháthar go raibh sé dhá bhlian ó phósadh Máire agus bliain ó d'imthigha dhearbhsháthar ar a tóir agus tásc ná tuaraisc ní fhuaradar ó shoin ortha agus go(continues on next page)- Collector
- Sinéad Nic Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Pádraig Mac An Bháird
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo