Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- Suíomh:
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Reachtaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Seosamh, Shrule
- XML Leathanach 026
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuir sé go dtí a dhá ghlún sa talamh é. An dara fasgadh go dtí a bhfásta agus an tríomhadh fásgadh go bun a mhuineáil. "Fóill Fóill Fóill" arsa an fathach "an fear is gaiscgidheach a chonnaic mé ariamh". "Má fhágann tú an méid sin dhíom tubhraidh mé mo culaith gaisge mo claidheamh soluis agus mo capall mach caol donn duit". Cá gheobhaidh mé an méid seo" arsa Jack. "Sa tom sin tall" arsa an fathach. "Cá bhfeicfeadh mé an méid seo" arsa Jack. "Ar an smután is gránna sa gcoill; ná mill aon crann maith leis". "Ní fhecim aon smután níos gránna ná do smután fhéin" agus bhuail sé buille ar an bhfathach agus mharbhuigh sé é. Chuaidh sé leis na ba annsin agus an lá ar na bharach chuir sé na ba isteach sa gáirdín céadna. Tháinig fathach eile an lá sin agus mharbhuigh sé é. An lá in a diaidh sin mharbhuigh sé fathach eile. Tháinig sé leis na ba an lá in a dhiaidh sin agus chuaidh sé isteach i stábla agus bhí sé ag féachaint thart agus chonnaic sé slat draoidheachta agus bhí cloch in aice leis an doras. Dhuail sé buile de'n t-slait ar an gcloich agus bhí fear mór in a sheasamh annsin. Dubhairt sé go raibh an "Lady" óg le slughadh ag an olphiast an lá ar an bharach. D'éirigh Jack go moch maidin lae ar na bharach agus chuaidh sé go dtí an stábla. Dubhairt an buachaill a bhí sa stábla da sábhalóch sé í go bfuighfeadh sé í le pósadh. Chuaidh sé ar a capall mac caol donn agus bhí sé ag an áit a raibh an "Lady" óg ag lár an lae agus chonnaic sé an olphiast ag teacht. Dhuail sé buile ar an ólphiast dá chlaidheamh soluis agus stríoc sé í(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padhraig Ó Gionnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sruthair, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Conálta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Goirtín, Co. Mhaigh Eo