School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 023
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in a chómhnuidhe míle ó Cnoc Mágha. Bhí sé ag dul go aonach i dTúaim le bó maidin amháin. Bhí an oidhe an-dorcha ar fad agus nuair a tháinig sé go Cnoc Mágha chonaic sé lantarn leagtha ar thaobh an bhóthair. Chuaidh sé go [dt]í an lantarn acht léim sé thar an bhalla. Rith sé in a dhiaidh acht thosuigh sé ag léimniú uaidh go dtáinig sé go dún mór ar thaobh an chnuic. Isteach leis an lantarn agus isteach leis an bhfear. Rug na sidheóga air agus níor tháinig sé amach as fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghán Ó Teadair
    Gender
    Male
    Informant
    Pádhraig Ó Laithmhe
    Gender
    Male
  2. Bhí fear in a chómhnuidhe in aice le Áth Chinn. Bhí a bhean an-tinn agus chuaidh sé chuig an sagart go dtabhairfeadh sé faoistin dí. Nuair a tháinig sé go dtí an sagart bhí sé imthighthe go áite [ei]le. Chuaidh sé abhaile agus bhí an bean marbh. Nuair a bhí an bhean curtha bhí brón ar an bfear. Oidche amháin bhí sé ag dul to teach comharsan. Nuair a bhí sé ag dul to dtí an teach chonnaic sé a bhean ar thaobh an bhóthair agus éadaigh fada uirthi. Labhair sé leis an mbean acht níor dhubhairt sí tada. An lá in a dhiaidh sin chuaidh an fear to dtí an sagart agus léigh sé Aifreann [dí] agus ní fhaca an fear in a dhiaidh sin í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.