School: Naomh Seosamh, Shrule

Location:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Mícheál Ó Reachtaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0102, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Seosamh, Shrule
  2. XML Page 020
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann uair amháin d'arb ainm dí an Caileach Bhéarach agus bhíodh sí ag dul thart ó áit go h-áit. Dubhairt sí nach raibh fear na bean in ann í a bhualadh ag baint fhéir agus bhíodh sí ag cur dubhsláin ar na fir. Chuala fear amháin é agus chuir sí dubhslán air. Chuaidh an fear go gabha agus rinne an gabha spící iarainn dó agus chuaidh an fear go dtí an áit a raibh an Caileach Bhéarach agus thosuigh siad ag obair. Nuair a bhíodh an bhean ag cur faobhar ar an speil chuirfeadh an fear na spící síos san áit a raibh an bean ag baint agus nuair a thagadh an bean go dtí an áit a raibh na spící baineadh siad an faobhar den speil. Annsin b'éigin dí faobhar a chur ar an speil. Sa chaoi sin bhuail an fear í. An oidhche sin bhí sí ag fághailt báis le briseadh croidhe. Dubhairt sí sá mbeadh deoch aici do uisge Tobar na Daraige agus cáca de mhin coirce a d'fhás sa ngort i nGoirt[?] go mbeadh biseach uirri arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraig Ó Gionnáin
    Gender
    Male
  2. Bhí fathach ag dul thart i gCo. na Gaillimhe uair amháin. Chuaidh se amach ag fiadach lá amhain agus mharbhuigh se torc. Annsin b'éigin dó an torc a tomjaiseadh ó na ceann go dtí a ruball le na ordóga agus thomhaisgach ordóg orlach. Bhí ribí gruaihe ar an torc agus bhí rimh orra. Shaith ceann ata isteach in a mhéar ag bhí sé tinm annsin agus bhí pian mhór ann. Thosuigh sé ag siubhal annsin go dtáinig sé go Cnoc na Gorm i nGoirtín agus luigh sé síos annsin. Bhí sé an lag agus fuair sé bás agus cuiread é san áit céadna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.