Scoil: Naomh Seosamh, Shrule

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Reachtaire

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mac Rí na hÉireann

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Mac Rí na h-Éireann
[leathanach 7]
Bhí rí in Éirinn Fadó agus bhuail tinneas air. Dubhairt bean an rí go racadh sé chuig an Doctúir agus d'innseóchadh sí dhó an chaoi ina raibh sé [?] leis abair an rí . Tháinig an doctúir go dtí an Rí agus dubhairt sé leis,"Ní feidir liomsa aon leirgheas a tabhairt dhuit go n-íosfabh tú trí shaith de ubhla Oileáin na Trágha. Tá bainríoghan annsin agus tá arm seasca aicí ag faireadh an pháláis. "Cearbh dhéannas anois " arsa an rÍ. " Tá tríur agat agus is féidir leat iad a chur amach, go gheobhfaidh siad amach cá bhfuil Óilean na Trágha arsa an dochtúir. Tá beirt agam a shéanfadh é sin [?] an ceann is sine ní dheanfadh sé rub ar bhith ar chuomhair "Thugadh an trúir mac go dtí an Doctúir agus "dubhairt sé leis an mac is sine an ndeanfadh tú an rud a chuirfidh mise ag d'athair ort le deanamh" "Deanfaidh mé an aon sort rudaí sa domha(i)n a tarras mo mhaithair a dhéanamh. Dubhairt é leis an dara mac an mhaith leis bheirt ag suibhal go dtiocfadh sé go Oiléan na Tragha Dhubhaurt sé go racadh sé ann. Dubhairt sé an [rud]ceabh na [leis an] tríomadh ceann. Deanfaidh mé mo dicheall an Oiléan Faghailt amach. Chuaigh an doctúir leo go crosbhóthar agus fuair sé trí [sap] tuighe. Bhí gach sa níos fuine ná a [céille]. "Anois" abair sé, an duine a gheobhfaidh an [sop] gearr, seo é an bóthair a racadh sé an,

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Criostóir Ó Buadhacháin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Ceóinín
Inscne
fireann
Seoladh
An Cheathrú Mhór, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge