Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)
- Suíomh:
- An Doire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Cathain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire
- XML Leathanach 40
- XML “Crom Dubh agus <span class="exact">Naomh</span> <span class="exact">Pádraig</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chaetheomh isteach i gcuine, agus an cráicheann a chaitheamh ós a gcionn. D'airigh Crom Dubh an tarbh imthighthe uaidh Tháinic sé chomh fáda le Acha an Gabhair ag thóruigeacht an tarbh, agus é ag mharchuigheacht ar an each is fearr a bhí aige. Focal níor labhair Naomh Pádraig, acht cuaidh sé anonn sa gchuinne san aith a raibh na cnámha, agus an chráiceann. Rugh sé ar an t-slath a tug sé do'n beirth fhear. Bhuail sé bhuille ar an gcraiceann, agus d'éirigh an tarbh comh maith agus bhí sé oidhche na lá ariamh. Bhí ionghnadh mhór ar Crom Dubh.
Thugh sé an tarbh abhaile leis. Nuair a bhí sé ag teannomh inaice an tighe thuith an capall, agus briseadh a mhuinéal. "Ta an méidh sin agam de barr Padráigín" ar seisean "Acht béodh mo shásam agam-sa". Lá ar na máireach, tugh Cromh Dubh cuiread do Naomh Pádraig teacht cun a' tighe. Sé an sort bhéile a bhíodh acú an t-am sin dá banbh muiche a bruith i bphota, agus iad a leaghann ar platha. Seardh a rinne Crom Dubh dhá choileán madhaidh a chuir síos a bruith agus an fhionnach a' tarraint díobhta nuair a bhíodhar sgóllta.
Táinich Naomh Pádraig shuid sé féin agus Crom Dubh ag bórd. Nuair a chonnaich sé an bheile a bhí roimhe dubairt sé - Ceardh déarfeá dá n-éireochadh an dá chóilean sin ag chaint leat"? Tog sé a laimh os a gchionn, agus d'éirigh na coileáin. Thosuig siad a' tafann isteach san [?] ar fear an tighe. Dhubhairt sé le Naomh Padraig iad a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártan Ua Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Doire, Co. Mhaigh Eo