Scoil: Sraith

Suíomh:
An tSraith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Ó Coinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0092, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith
  2. XML Leathanach 177
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Uair amháin bhí seanbhean ag dul thart ag iarraidh déirce.

    “Nár eirighidh tú go n-eireocaid an ball dubh de'n neadóig”
    “Ioscaidi caola, másai cama ag deanamh a chuid oibre gan súil gan ceann” (Céachta)
    “Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh
    On oidhche cangailt na n-úbhall go dtí oidhche canghailt na gcnámha”
    Uair amháin bhí sean bhean ag dul thart ag iarraidh déirce. Lá áithrid chuaidh sí thar an teach seo. Nuair a chonnaic bean a' tíghe í dúbhairt sí. “A bfeiceann tú suas anois í agus a h-ál banb léithi” Tamall na dhiaidh sin bhí mac aici féin agus bí cloigeann muice air agus bhí sé na Rí ar Cill Dara. Nuair a chuala Naomh Bríghid faoi chuaid sí aige agus d'fiafhraigh sí de tuige a raibh an cloigeann muice air. “Má tá cúmhacht agat-sa anois bain diom é,” ar seisean. Dúbhairt sise - “ní iarrfaid mé acht leitheadh mo bhratach de talamh ort” Dúbhairt seisean go raibh sé sásta. Sgair Bríghid amach an brat agus mhéaduigh sé an mhór ar fad. Tháinig aithmhéal ar an Rí mar shaoil sé go raibh an iomarca aici. Níl aon chios ar an talamh ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge