Scoil: Sraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith
- XML Leathanach 176
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML “Dhá Bhó Mhaola ar Chnoc na Gaoithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Uair amháin bhí beirt fear ag imirt cártaí agus an oidhche seo nuair a bhí siad ag dul abhaile chuaigh gach éinne acu a bhealach féin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)roimhe agus sheas sé istigh sa bfáinne agus bhí fhios aige annsin gur droch spioradh a bhí ann agus thosuigh sé ag guidhe Dé agus bhí sé a' caitheamh an uisge beannuighte. Annsin rinne an strainséar diabhal dhé féin agus chuir sé dhá adharc ar fhéin agus ar deireadh thiar tháll d'imtigh sé na splannc dearg teineadh. Nior imir an fear cártai uaid sin amach.
Mairéad Ní Mhaoleallaidh, Doire Easa, An tSraith (50)(gan teideal)
“Ná Déan Hata Acla de”
“Ná dean hata Acla de”.
Dhá mbeadh cóta no ball éadaigh ar bith úr ag duine agus go mbeadh chuile dhuine eile gá chur ar féin dearfhá leo - “Ná dean hata Acla dhe.” Fadó ní raibh acht aon hata amháin in Acaill agus bhiodh chuile dhuine ghá chaitheamh.- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Éanacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Bhun an Chuilinn, Co. Mhaigh Eo
- “Dhá bhó mhaola ar chnoc na gaoithe
Ceann sa lá agus ceann san oidhche”
(An ghrian agus an ghealach)
“Dhiol mé dhá chaora, dhiol mé dhá bhó
Dhiol mé an t-saor iad ar Aonach Dúin Mhóir
Chaill mé an t-airgead acht aon leath-choróin amháin
Is nach cuma don té sin nach mbaineann sin dhó”
Pádhraig ó Éanacháin, Gort-na-Chuilinn, An tSraith 48