Scoil: Sraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith
- XML Leathanach 166
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí triur dearbhráthair ann uair amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)dho d'ioc iarr do bheirt dhearbhráthair air” Fuair sé obair mar adúbhairt an t-éinín. Nuair a bhí fear a' tíghe ghá ioc d'iarr an dearbráthair is óige an bheirt dearbhráthair a bhí taobh thiar de'n doras agus thug seisean dó iad agus d'imthigheadar abhaile ag a máthair agus bhí sise an t-sásta iad a bheit ar ais slán sábháilte aici.
Mairéad Seoighe, Tabhnach, An tSraith (78)(gan teideal)
“Paidir is trócaire atá lán de na grástaí”
Paidir is trócaire atá lán de na ghrástai
Guidhimidh Iosa tabhairt sábhail ar ár n-anam
A luighe dhúinn anocht is ag eirighe dhúinn amárach
In ionad na Trionóide agus siochtháin na Páise
Ó a Iosa, Mhuire Trócaire agus mic na Maighdine Mhuire
Go sábhála tú sinn ar na piantaib tá thios
I gcionta dorracadha dánta.
Ó a Mháthair na mBainrioghan agus Bhainrioghan na nEolas
Is leat a deanans muid ár gcasaoid agus agat sa atá fóirthiú orainn
Ó a Mhuire Mháthair dílis na nGrástai tá ár bpeacai a' fás
Agus tabhair spás dhúinn ar na h-aithrighte a dheanam
A Mhaighdin Dhílis is tú dídeann gac peacaigh
Guidh orainn go tréan is ná éag? (tréig?) ar n-anam
Sé do beatha a leinb a rugadh sa stábla
Sé do beatha a Mhaighdin ós tú A mháthair
Sé do beatha Mhuire atá lán de na grástai(leanann ar an chéad leathanach eile)