Imleabhar: CBÉ 0370

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0327

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annseo i Rann-na-Feirste air. Bhí lá iongantach fliuch ann an lá sin agus fághadh an bheirt againn istigh in áit iongantach aimhréidhteach. Shiubhail muid
    linn fríd choibhreann mór féir
    muid amach agus isteach in díogacha go dtí go rabh muid dtoigh Fheidhlimidh. Agus
    ins an am sin bhí muid ar mbeirt
    fliuch go croiceann indiaidh a bheith a shiubhal frid an féar fada.
    Shróich muid teach Feidlimidh fá dheireadh; tuirseach sáraidh leis an úalach a bhí linn agus an casán a bhí linn frid dhíogacha agus chlaidheacha. Teach
    beag deas do'n tsean déanamh atá i dteach Fheidlimidh; cisteanach mhór bhreagh
    ceann tuighe agus seomra sglataí; é suidhte go h-iongantach dheas in asgail
    gleanna ar bhruach na fairrge.
    Chuaidh muid ar mbeirt isteach. Bhí bunadh an toighe uilig istuigh; an sean phéire agus mac agus inghean
    díobhtha agus Ua _. Chuir siad fáilte romhain agus d’iarr _ orainn druidim aníos leis an teinidh. Agus bhí sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 Meitheamh 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir