Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    I n-am a 'phersecution', agus ba é an saghart deireannach é a gabhadh ariamh, gabhadh thíos ar an Arachoill, agus ceangluigheadh de chrann é, agus d'imthigh siad a chuartughadh fear eile dá bhfághad siad é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis a bhuachaill. Dhreasuigh siad madadh amach a bhí aca. Thosuigh siad a scaoileadh leis
    agus rinn siad rideall de’n bhád, agus ní theárn siad an dath air. Dhreasuigh siad madadh annsin amach ionnta, agus nuair a chuaidh a madadh amach thóg
    a buachaill a madadh isteach ins a bhád. Ba leis a’ bhuachaill a madadh, agus ba é sin a saghart deireannach a
    gabhuigheadh(1) astoigh i n-Éirinn.
    Maidin amháin Dia Domhnaigh bhí fear de na saghairt seo a bhí ar a sheachnughadh a teacht
    aníos a Machaire. Chuaidh sé isteach i dteach ar a Machaire, agus a teach a dteachaidh sé isteach ann bhí fear a lomadh caorach ann.
    "Bhfuil fhios aghat," arsa’n saghart leis "cé’n lá atá indiú ann?"
    Chuaidh sé a chunntas suas. 'Bhí mé ag obair thall annsin ag bun a mhám Dia Luain.
    Bhí mé thiar ag an ghobán," arsa seisean.
    Dia Máirt a deánamh leithid seo. Agus

    (1) gabhadh agus gábhuigheadh (baintear úsaid as an dá fhocal)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    2 Bealtaine 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir