Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do bhuail sé Seán leis, agus do dhein sé púca de.
Chuadar go léir a chodhladh ansan agus do bhí seomra fé leith ag gach duine aca. Ní túisge abhí Seán istig 'na sheomra féin ná gur thóg sé amach a shlaitín draoidheachta agus do dhein sé fear de féin airís agus amach as an seómra leis.
Do dhein sé aghaidh ar an mbaile ansan chómh mear is abhí 'na chosaibh agus do bhí an máthair ag feitheamh suas leis agus do bhí áthas an domhain uirthi é a feiscint airís. B'é faid ar a ghiorracht é ná gur thuit Seán in grádh leis an gcailín agus do thuit sí sin in grádh le Seán agus do phósadar agus do fuair sí sin cnub mhaith airgid agus do mhaireadar go léir go séimh suaimhneasach as san amach.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork