Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhom d'airigheas sibh-se ag caint. Dubhairt duine aca "buachaill rathmhar is eadh an buachaill san ach mar cailín maith iseadh an cailín sin ach tá aon locht amháin innti níl sí ábalta ar chaint". Labhair duine duine eile agaibh ansan agus dubhairt "dá mbéadh a fhios aige mhaise go bhfuil biorán gruaige ar an dtaobh thiar dá cluais agus dá dtógfadh sé amach í do bheadh sí ábalta ar chaint.
An neómat a aireaghas an rud san ná gur ritheas abhaile, agus do fuaras an biorán ar an dtaobh thiar d'á cluais agus do thógas amach é agus do labhair sí linn go breágh" ar seisean.
"Á" arsa na púcaí "fanfaidh tú againn 'na h-ionad má's eadh" arsa'n púca a thug isteach ar dtúis é "Tabhair dom an slaitín draoidheachta ó'n seomra san thall" ar seisean le púca eile.
Do tugadh an slaitín draoidheachta cuige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork