School: An Corrbhaile
- Location:
- Corbally, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Mac Coitir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ramhainn agus sluasad. (?) D'arduig sé leach an doruis agus thosuig sé ag romhar. Ba ghairid gur aimsig sé an próca. Bhí áthas agus lúthghaír air feín agus ar a mhnaoi agus bhí a ndothain len ithe agus lén ól aca as san amach.
(54) TEAMPALL na NAOMH:Tá fothrach teampaill le feiscint fós ar an dtaobh theas de Dhroicidí na Rosa agus deirtear go raibh cuígear naomh 'na gcomhnuidhe ann in aimsir Phádraig Naomhtha.
(55) CEANN CAPAILL:Seo cinntíre agus tá sé an-chosamhail le ceann chapaill
(56) BOLÁN na LÉIME:Seo bharr aille atá dhá chead troigh os cionn na fairrge.
(57) OILEÁN na bhFAOILEÁN:Seo oileán beag atá an-ghairid don mhór-tír agus nil aon teóra leis an méid faoileán a bhíonn le feiscint ann.
(58) CARRAIG DUBH:Seo carraig cíor dubh in aice na móir-thíre.
(59) OILEÁN GLAS:Tá an féar cath-ghlas(?) annso ar an oileán agus dá bhrígh sin tugadh oileán glas air.
(60) LEACH na BRÉIDÍNÍ:Bhíodh na mná fado in a suidhe ar an lic seo ag cabaireacht agus san am gceadhna bhíodh an bhréidín á níghe aca.(continues on next page)