Scoil: Coore (Cora), Mullach (uimhir rolla 10191)

Suíomh:
Coor West, Co. Clare
Múinteoir:
Pádraig Midheach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 372

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 372

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coore (Cora), Mullach
  2. XML Leathanach 372
  3. XML “Tomhais - Riddles”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Riddle
    Ní'l sé amuich ort. Ní'l sé istig ort. Tá sé ort. Is ní trom leat é.
    Ans. T'ainm

    Riddle
    Dhá ghé roimh gé. dhá ghé i ndiaidh gé. Gé idir dhá ghé.
    An mó gé é sin?
    Ans. Trí chinn

    Riddle
    Chuaidh suas an bóithrín
    Thánga anuas an bóithrín
    Is thugas an bóithrin liom ar mo dhroim
    Ans. Dréimre

    Riddle
    Tá sé thoir, tá sé thiar
    Tá sé i ngáirdín Bhaile Áth Cliath
    Is mo a greim, ná greim capaill
    Is ní bhlaiseann sí biadh.
    Ans. speal

    Riddle
    Lán na páirce de ghamhnaibh bána
    Is gamhainín dearg eatortha istig.
    Ans. Na fiacla agus an teanga

    Riddle
    Pinginn, Pinginn, dhá phinginn
    Pinginn go leith, is leath-phinginn
    An mó é sin?
    Ans. Raol

    Riddle
    Tháinig sé isteach, ar dhrom na ndaoine (?)
    Is chuaidh sí amach, cómh mín le síoda
    Ans. Móin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge