School: Scoil na mBráthar, Tiobraid Árann
- Location:
- Tipperary, Co. Tipperary
- Teacher: B.D.S. Ó Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sid iad na h-áiteanna gor chuala mé go bhfuil Cistí Óir i bhfolach, ná Gooley Hill, nó "Cnoc an Óir," The Abbey, nó "An Sean-Mainistir," Arravale, nó "Magh Arra."Fadó ó shoin bhí duine 'na chomhnaidhe timcheall leath-mhíle slighe taobh amuigh de bhaile Thiobraid Árann, i mbothán bheag ag bun Cnuic an Óir. Duine go raibh an-dúil in airgead dob eadh é. Oidhche amháin bhí taidhbhreamh aige. Cheap sé go bhfeaca sé Ciste mór Óir i bhfolach fé thalamh, agus bhí an taidhbhreamh céadna aige trí h-oidhcheannta as a céile. Ar ar ceathrú mhaidhean rug sé rán go bárr an chnuic agus thosnuigh sé ag rómhar. Tar éis tamall chonnaic sé an t-ór, ach mo bhrón nuair a thóg sé an t-ór as an bpoll tháinig tarbh mór fíochmhar na ndiaidh agus do mhairbh sé an fear bocht.(continues on next page)