Scoil: Baile an Áird (C.)
- Suíomh:
- Ballinard, Co. Limerick
- Múinteoir: Áine Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ( Grianghraf - Carraig an Fhathaigh i Rathshiurdán )
Tá carraigh an fhathaigh suidhte i Rathshiurdán, ar bhárr chnuic atá ar thalamh muinntir Uí Bharra. Innstear sgéal mar gheall ar an gcnoc seo - ar an dtreo a tháinig sé ar an gcnoc mar a bhfuil sé )
Deirtear go raibh beirt fhathaig in a gcomhnuidhe fadó, fadó. Dearbhráithreacha do b'eadh iad. Bhí duine aca ag cur fé i gCromhill i gcilltaoile agus an duine eile i " buachaill bréagha " i Baile an Faoite Do bhíodh an beirt dearbhráthair seo ag caitheamh cloc ó Cromhill go buachaill bréagha mar caitheamh aimsire. Thárla lá, nuair a bhí an fathach ar Chromhill ag scaoileadh an cloc uaidh, gur shleamnuigh sé ar a láimh agus thuit sé ar chnoc Uí Bharra i Rathshiurdán. Tá rian na cúig méar le feicsint ar an gcarraig indiu - go mór mór comhartha(leanann ar an chéad leathanach eile)