School: Lios Uí Ghrifín (roll number 12227)
- Location:
- Lissagriffin, Co. Cork
- Teacher: Seosamh Ó Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lios Uí Ghrifín
- XML Page 476
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Fuarathas na giotaí Gaedhilge a leanas ó Dómhnall O Danabháin, Dun Ceallaigh...”
(continued from previous page)ag gaisleach buineann go dtéighidh chun síl in a chluais"
Easgaine an FheirméaraChuaidh feirmear ar a'dtraigh lá cun lothaig a baint. Do bhain sé a bhróga agus a stocaí de. Le linn a cuid dimthig sé tamaillín ó'n áit 'nar fhág sé na bhróga srl. agus tháinig ailtheóír éigin agus ghoid íád. Núair a tháinig an feirmeár ar ais thosnuigh sé ar eascainí."Á" ar seisean -"Mo stocaí boga néáta
Gan chloga gan chliat
An t-é ghoid uaim íad
Nár fheicfidh sé Dia
Mura gcuiridh sé chúgham iad
Sar a gcaithfead a' biadh"
Eascaine an DaillDuine éigin a chur fearg ar dhall agus do dhein an dall an duine d'eascainídhe mar seo - "Im ná raibh ar do bhainne
Clúmh ná raibh ar do lachain
Siubal ná raibh ag do leanbh
Ná fionnadh ar do bhó
Is go mba mhó is go mba leithne a' lasair
A bhéas a' dhul tré t-anam
Ná sléíbhte Conamara(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ó Danabháin
- Gender
- Male
- Address
- Dunkelly West, Co. Cork