School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Glandore, Co. Cork
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 302

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 302

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 302
  3. XML “Scéal eile i dtaobh an tSagairt Chéanna is é seo”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Oidhche Nodlag a bhí ann bliadhanta ó shoin agus bhí sé ana fhiadhain agus ana dhorcha. Bhí bean ag teacht abhaile ó áit éigin agus b'éigin di dul treasna na trágha. Níor aithin sí an bóthar go rí mhaith mar ní ba gnáth di dul ann agus do chaill sí a slighe agus ní raibh tásc na tuairisc uirthi.
    Níor h-aimsigheadh í acht oidhche amháin ina dhiaidh sin bhí beirt fhear ag dul an t-slighe céadna agus do chonnacadar firín beag ag siubhal rómpa amach.
    Do cheapadar gur cómharsa éigin a bhí ann agus do ritheadar cuige acht níor fhéadadar teacht suas leis. D'fhan sé an fhaid céadna rómpa amach go dtángadar go cros-bhóithrín ag[?] dul isteach sa phortach. Do leanadar é agus i gcionn tamaill tháinig sé suas le roinnt fear bailithe timcheall poill agus chómh luath is a chonnaic an beirt an méid sin seo leó abháile mar bhí a fhios aca gur daoine neamh-saoghalta a bhí ann. Nuair a tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.