School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Page 238
- XML “Scéalta na Maighdine Muire - Maighdean Eochaille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shoin bhí iasgaire ag feachaint amach thar fairrge agus chonnaich sé píosa mór adhmaid ag teacht isteach chuige ar bárr na taoide. Tar éis tamaill do chaith tonna sail bhreágh mhór reamhar suas ar an dtráigh. Bhí athas ar an bhfear d fuair é. Do ghlaoidh sé ar fhearaibh eile agus do thugadar iaracht ar an gcrann do thógaint agus do bhreith leó sul a sciobfhadh an taoide úatha arís é. Do dheineadar a ndícheall agus dar ndóigh (?) bhíodar láidir, ach chor ná casadh níór bh'fhéídir a bhaint (?) as."Bhí ortha seasamh annsin ag breathnú ar an dtaoide (?) tréan ag rith isteach agus ag goid (?) uatha arís an tsáil (?) bhreágh a bhí 'na seilbh ach a bhí ró-throm dóíbh. Tugadh uatha amach arís í agus an t-am so do threóruigh an taóide é chuig mainistreach a bhí ag Manaigh d'Órd San Doinic láimh le h-Eóchaill. Caitheadh suas ar an dtráígh é in-aice leis an Mhainistir agus ní fada a bhí sé ansúd go bhfaca bráthair é.D'iarr seisean an bhráthair eile cuidiu leis agus an crann do thógaint is do thabhairt abhaile. Chuadar síos chun trágha, chuireadar a lámha fén gcrann agus mol (?) le Díá; tháinig sé leo gan stró ar bith.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Chuill
- Gender
- Female
- Address
- Rusheen, Co. Cork
- Informant
- Padraig Ó Ceallacháin
- Gender
- Male
- Address
- Rusheen, Co. Cork