Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- Suíomh:
- Macroom, Co. Cork
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Leathanach 301
- XML “Diarmuid Ó Seaghdha na Bolgaí - Diarmuid agus an Sagart”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Diarmuid a' dul go dtí an Stations lá agus bhí na Sagairt 'na dhiaidh ar an mbóthar. Bhí Sagart óg ann ná raibh aon aithne aige a Dhiarmuid. D'fhiafuigh sé de'n Sagart Paróiste cé h-é féin.
D'innis sé dho cad é an sórt é "Agus is fearra dhuit gabháil thairis agus leigint do", ar seisean. "Go deimhin ní leigfead, cuirfidh mé ceist chuige", ars an Sagart óg.
Nuair a tháinig sé suas leis bheannuig sé dho. "Dia is Muire Dhuit, a dhuine mhoir", ar seisean. Bhí Diarmuid ana árd is ramhar, agus bhí drún air annsan mar bhí sé ag dul i n-aois.
Dhírig sé é féin suas, is d'fhéach sé suas, ar an Sagart a bhí ag marcuigheacht ar chapall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Líonsaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Macroom, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Peig Ní Líonsaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Macroom, Co. Cork