School: Leaca Riabhach, Maghcromtha (roll number 9243)
- Location:
- Lackareagh, Co. Cork
- Teacher: Máiréad de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leaca Riabhach, Maghcromtha
- XML Page 071
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear mór saidbhir na chómhnuidhe sa tuaith so fadó agus bhí sé na chómhnuidhe le h ais na cathrach. Bhí mórán tailimh aige Bhí alán fear oibre aige agus bhí lodge le hais an gheata aige agus fear ag tabhairt aire don geata. Ní raibh de muirighin ag fear an gheata ach é féin agus a bhean agus aon mhach amháin. Bhí ainm a ghlaoidhís ar an mhac ná Seáinín. Bhiodh Seáinín sios is suas go dtí an tig mór gach aon lá. Amach san aimsir do mhotuig na seirbhísig sceanna agus fuirc agus plátaí ag imtheacht. An chuid ba mheasa den sgeal go gcoinneadh an máighistir luach na rudaí as a dtuarastal.
I ndeire thiar thall bhí na mná cun an tig d'fágaint mar ní dhioladh a bpágh as an dtiomáiste a deintí. Bhí na mná ag cásamh. D'fiafruig an maighistir diobh an raibh aon tuairim acu ar an nduine abhí ag goid na rudaí. Dubhradar leis gur bé a drusilim gur é Seáinín abhí ag goid Lá amháin dubhairt an máighistir le fear an gheata Seáinín a thabhairt anios. Tháinig sé. "Seadh" arsan máighistir leis an athair, "caithfir Seáinín a chur le chéird" "Cad é an ceard a thabharfad do" arsa'n t-athair. "Gadaidheacht" arsa'n maighistir leis. "Caithfid sé aimsir a thabhairt leis an ngadaidhe dubh." "Is gránda aithiseac an ceárd í" arsa'n t-athair.(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ó Laocha
- Gender
- Male
- Address
- Mountmusic, Co. Cork