School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá agus do bhí sé ag cuimhneamh ar an mó peaca a bhí déanta aige agus do bhí sé istigh d'iarraidh cuimhneamh ortha. Do bhí sé ag cuimhneamh ar cad a ghoid sé indé agus do bhí sé ag rádh a h-aon agus a dó agus do chuaidh sé cómh fada le dódeug agus ansan dubhairt sé leis.
"Anois a athair nuair a bhí an faoistin críochnuigthe aige dubhairt sé leis "an tusa atá ann."
Do bhíodh Seán Bráthair i gcómhnuidhe ag cainnt leís agus d'aithin sé go maith é nuair a bhí sé óg Do bhí sé ag rádh Aifreann agus do bhí gach aoinne ag cainnt mar gheall ar an gcuma go ndubhairt sé an t-Aifreann agus do bhí sé.
Do bhí sé ag éisteacht le faoistin an lá san. Do mhair sé ansan ar feadh an cuid eile dá shaoghal agus deirtear gur mhair sé go dtí go raibh sé ana-chríonna ar fad.- Collector
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Na hUláin Thiar, Co. Cork
- Informant
- Risteárd Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 64