School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Buachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0328, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0328, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Page 021
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus a dhíol sé an coirce agus d'ól sé gach aon phioc den airgead.
    Do tháinig sé abhaile i tuitim na h-oidhche agus ní fheidir sé pe'cu an lá nó an oidhche a bhí ann bhí sé chómh meisgeamhail san.
    Nuair a tháinig sé abhaile do rith a athair chun é lámhach ach do fuair a mháthair párdún do. Do bhí sé ag obair leis an athair ar feadh seachtmhain eile. Do chuir an t-athair Tomás airís go dtí an margadh le h-ualach mór coirce an uair seo.
    Do dhíol sé an coirce, agus d'ól sé gach aon leath-phingin de agus nuair a bhí an méid sin déanta aige do dhíol sé an capall is an turcaill.
    Do bhí oifigeach ón arm ann an lá san agus bhí sé ag liostáil na daoine.
    Do chuaidh Tomás suas chuige chun go dtógfadh an t-oifigeach é. Do thóg an t-oifigeach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish