School: An Clochar i mBeanntraí (roll number 9161)
- Location:
- Bantry, Co. Cork
- Teacher: An tSiúr Pól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tsean aimsir nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir na sagart ní leigidís an tAifreann do léigheamh ins na hEaglaisíbh. Do bhí ortha dul i measg na gcnoc chun an Aifrinn do léigheamh dos na daoine a bhí bailighthe d'aimhdheoin na gcruadhtan a bhí le fulang acu.
I bparóiste na Cathrach tá páirch ann ar thaobh cnuic agus ins an bpáirc sin tá leach mhór. Deirtear gur ar an leich sin a léigheadh na sagairt an tAifreann fadó. Tá an leach sin le feiscint fós go dtí an lá indhiu. Mór-thímhcheall na lice sin tá tuir mhóra. Téigheann a lán daoine ann chun é d'fheiscint. 'Sé an ainm atá ar an bpáirch ná páirch an Aifrinn.(continues on next page)- Collector
- Nóirín Nic Chárthiagh
- Gender
- Female
- Address
- Bantry, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Mac Charthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Bantry, Co. Cork