Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Leathanach 192
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)corp a chuir sa n-áit seo mar a bhfuilim anois. Nuair do fuair an t athair bás do bhaineadar an ceann den chorp agus do chuireadar an corp na n, áit féin. Do chuireadar an ceann i gcómhra agus do bhailuigdear leó na cóngair a dubharfhadh leó. Do bhí sé ag dul i ndeirníghe na h-oidhche nuair do sroiseadar Caithir Dómhnall. Do bhuail tig leó ar thaobh an thaobh an bhothair agus do chuadar isteach ann i gcómhair na h-oidche. Bhí seanduine beag cois na teine agus do labhair sé leó. Druidíd aníos chúgham a stranséir tá mo chuid fola ar crith chúghaibh. Do dhruideadar aníos chuigis agus do bhíodar ag cainnt leis ar feadh tamaill agus do bhí sé sé ag cainnt leó. Sa deire do fuaireadar amach gur a bé a n,úncail a bhí ann. Do bhí tórramh annsan aca ar an gceann agus do chuireadar lár ar na máireach. Nuair do osclaidheas an uaigh do bhí cómhra thíos ann. Do thógadar aníos é agus do osclaidheas é agus cad a bheadh ann ach an corp gan aon ceann. Do chuireadar síos an ceann sa chómhra i dteannta an chuirp agus do chludaigh air airís.
- Bailitheoir
- Séamus Mac Cártha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Carta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 28
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Kerry