Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 351

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 351

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 351
  3. XML “Scéal na Ciaróige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal na Ciaróige
    Bhí baintreach i mBord Eoghain Fhinn agus bhí mac di ag foghluim chun [a] bheith ina shagart. Tháinig sé abhaile ar laetheanta saoire ahus d'fhiafraigh sé dá mháthair cén saoghal a bhí aici ó fhág sé í. Dubhairt sí ná raibh sí ró-shásta. "Cad tá ort arú," adubhairt sé. "Tá, an chuigeann a dheinim ná gheibhim (=faighim) aon ruainne ime uirthi." "S eadh anois," adubhairt sé, "nuair a bheidh na haon (=gach aon) nídh déanta agat amáireach, sguab an tigh ó na cheithre chúinne agus shuidh cois an dorais agus pé nídh a chífir ag teacht isteach, cinnibh (=coinnigh) é go dtiocfad thar n-ais." S eadh nuair a tháinig an mhaidean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceannúigh, Co. Kerry