Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)

Suíomh:
Aghatubrid, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Tiobraid
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “An Cuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    stroinséar a thagann isteach gréas a mbuaileadh uirthi ar eagla go mbainfeadh sé an t-ím leis.
    Bheadh sé déanta in agaidh dhá uair a cluig dá mbeadh an bainne fuair, agus dá mbeadh an bainne te, deineadh siad níos tapúla. Nuair a bhíonn an bainne fuair, caitheadh siad uisce te a cur isteach ann. Oibrightear an dá láimh leis an loinithe, síos, suas an fhaid as a bhíonn an bainne ag suathadh.
    Nuair a bheadh sámhacha an loinithe glan gan rian ime innte, bheadh sé déanta annsan. Tógtar amach aníos len a ndá láimh, agus bíodh tubán fíor uisge cun an t-ím a cur isteach ann. Is suarach an obair í.
    Níghtir an t-ím i bhfíor uisce mar dá fagfidís ins an mbláthac é do loitheadh sé. Tógtar amach as an t-uisge sin, agus caithtear amach an t-uisge sin, agus cuirtear cúpla galúin uisge tar nais air. Cuirtear cúpla no ceathair de spiúin salann ins an tarna uisge. Faisg sa bpicil ansan é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge