Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agat" ar sise.
Dimthig an bhean annsan. Do thuit gach aon rud amach fé mar dubhairt sí. Dhein sé gach rud mar d'órduig sí. Bhí gach rud déanta roimis aici. Ní raibh sé acht istig san chistin, nuair tháinig an sprid go dtí an doras. Thosnuig í féin agus an stail ag troid amuigh sa clós, mar bhí doras an stábla ar oscailt.
Ar maidin bhí an stail marbh sa chlós Chuaidh an buachall go tigh an tsagairt agus dinnis sé an sgéal dó. Chuaidh an sagart leis go dtí an áit. Bhí an sgian rómpa agus í lán de glótha rosg. Dubhairt an sagart leis go raibh obair maith déanta aige taréis na hoidhche. Muna mbeadh a mháthair baistíghe, do bheadh deire leis an mbuachaill.