School: Na Cnoicíní (roll number 13124)

Location:
Garranearagh, Co. Kerry
Teacher:
Seán S. Ó Cuimín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Cnoicíní
  2. XML Page 218
  3. XML “Scéal - An Bheirt Phósta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    am úd chuin é a thabhairt treasna, cheithre púint, agus níor mhór an aga gur shroich sé Cóbh Chorcaighe; agus do b' é an chéad áit gur lonnuig sé ná i gCathair Sicágó. Do fuair sé obair gan mhoill ann, do luigh léi agus ba mhaith chuin a déanta é gan stad ná staonadh, nó go raibh sé bliana tabhartha aige, agus gan uaidh ach bliain eile do'n dát do bhí curtha aige roimis. Bhí dioscán maith bailighthe aige agus cad do fhiú bliain eile do bhí uaidh, cé nár rith leis an bhliain sin do thabhairt mar an gcuid eile, de dheascaibh droch-chomhursan.
    Ní ró fhada gur thug fear óg eile fé Mheirice siar as an áit gurb' as é seo, agus níor staon sé nó gur bhain sé amach Cathair Sicágó. Do bhí seóladh an fhir eile aige, dar ndó, agus níor staon sé gur bhain sé amach an tigh ósta go raibh sé. Ba bhreagh le croidhe an chéad fhir é bhualadh chuige chuin go mbeadh cúntas ó n-a áit féin aige uaidh, go mór mhór an té fhág sé ann ba mheasa leis na aoinne. Do bhí a lán fiafruighthe aige dho, sar ar cuir sé cúntas a mhná féin air - agus, dar ndó níor bheag dhó a luaithe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seamus Ó Siochfradha
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Oghermong, Co. Kerry