School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 336

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 336

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 336
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Fear beag ar ardán; nú fear mór ar íslán. Bean gan aprún; nú bó gan earbull...

    (continued from previous page)
    Is maith an aghaidh ort é.
    Tá sé ‘na mhúr thar gréin.
    Bíodh dhá abhras ar do choigeall agat.
    Fé mar a bheadh an nimh ar an aithne.
    An méid a bhailigheann an cníopaire sgaipeann an rábaire
    Bróga sa cliabhan agus ladhar sa laithig.
    An té a deireann gach nídh is maith leis ná cloiseann sé neidhte nách annsa leis.
    Dein maith agus annsan dein arís é.
    Siúbhalaidh go mear ó’n droch fhuadar nó b’fhéidir go dtiocfadh sé suas leat.
    Ní bhíonn aoinne ‘na amadán de shíor, bíonn gach duine uaireanta.
    Is fearr Dia ná an t-ór.
    Is minic a bhíonn an fhírinne searbh ach fanfaidh an náire glan de.
    Ná mol agus ná dí-mhol tú féin, siad na gníomhartha a thaisbeáinfhidh
    Is fearr amadán macánta do pósadh ná sclamadóir aithiseach.
    An té go bhfuil ceann céireach ar caithfidh sé gan siúbhal sa ghréin.
    Sgaip le láimh agus cruinnig le dhá láimh.
    Ní fhéadfadh aoinne úrnuighthe maithe a rádh ach an té maireann go maith.
    Ní féidir teacht suas go deo leis an éan a cailltear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish